Bhí dhá Rí ann fadó agus bhí duine aca ina Rí ar Chonnact agus ceann eile ina Rí ar Chúige Mumhan. Bhí ingean ag Rí Chonnact agus d'iarr an Rí eile í le pósadh. Ní raibh aon fhógham ar an Rí í a thabhairt dhó le pósadh mar ba protastúnach a bhí ins an Rí. Dubhairt an Rí a bhí ar Chúige Mumhan go marbhócha[dh] sé é féin agus a inghean mar a bpósadh sí é. Bhí an-fhaitchíos ar an Rí roimhe. Sa deire thug sé dhó í le pósad. Bhí triúr cailíní ag Rí Chonnact agus dubhairt duine aca go n-imréocadh sí cleas ar an Rí le h-aghaidh an cailín a leigint saor. Lá na bainse chuir duine aca nimh ar an gcúpan don phrotastúnach agus chomh luath agus a d'ól sé an tae (ag) cailleadh é. Annsin bhí an cailín saor ón Rí agus dfan sí sa mbaile in-éinfheact le na h-athair.AnaithnidIngo MittendorfÁine Ní CheallaighÁine Ní Cheallaigh