Siad na h-ainmneacha atá ar bhóithre an cheanntair ná, bóthar an Ghleanna, bóthar Guirt a bhalla, bóthar Curraigh Dhuibh agus bóthar bhaile na nGall. Tá go leór sean-bhóithre sa cheanntar freisin. Deineadh na bóithre i n-aimsir an drochshaoghail. Deirtear gur fear ó Curr-a-Ríbhe a thug airgead do na daoine leis an bhóthar a dhéanamh. Rinne sé é ó Uachtar Árd go Droichead-na-Cille agus rinne na daoine é ó sin go Currán. Nuair a bhí na fir ag obair ar na bóithre fadó ceithre pingne a bhí le fághail atá sa ló. Tá dhá dhroichid ar an bóthar, Droichead-na-Cille agus Droichead-na-Rátha. Tá sean droichead i n-aice Uachtar Árd, ar a dtugtar Droichead-a-Phúca air. Bhí fear meisge ag teacht ó Uachtar Árd oidhche amháin agus nuair a bhí sí ag dul thar an Droichead dubhairt sé leis na púcaibh teacht amach agus troid a dheanamh. Thosuigh na púcaí ghá bhualadh ach ní raibh sé inann aon rud a fheiceál agus is beag nár mharbhaigh siad é. Tá sgoil nó teach iAn Dothra BheagConchúr Mag EacháinOrla Molloy