Deirtear go bhfuil pota óir i bhfolach i gColl a Ráine atá míle taobh thiar dhe Maghchuillín faoi leac mhór ar aghaidh na gréine. Bhí fear ann agus bhí sé an-t-saidhbhir. Ní fhéadfadh sé codhladh na h-oidhche d’fhágháil. Dubhairt sé leis an sagart go dtiubhradh sé pota óir dó má léighfeadh sé Aifreann nach mbeadh a shaidhbhreas ag déanaimh imní dhó. Léigh an sagart an t-Aifreann agus fuair sé an pota óir. Chuir sé i bhfolach é faoi’n leac sin. D’airigheadh an sagart as an bparáiste sin go paráiste eile. Nuair a chualaidh muintear Cill a Ráine go raibh sé ann chuairteadar é acht ní bhfuaireadar é. Deirtear go gcasaidh sé le duine nach mbéidh súl aige leis é fhágháil. An Sgoláir – Caitlín Ní Oireachtaigh. A Seoladh –Leamhcoill, Maghchuillin, Co. na Gaillimhe Ainm an duine a thug an sgéal dhó – Ml. Mac Oireachtaigh Seoladh – Leamhcoill, Maghchuillín, Co. na Gaillimhe.Felim Burke