Tobar beannúigie. Tá chúig tobar beannúighthe i bparóiste Mághchuilinn. Tá cheann i dTuairiné, cheann eile i dTulla Chíadhain, agus cheann i gCílliugúla, cheann i gCorr bhaile agus tá cheann eile fresin súas i gCnocán Raithníghe. Tá leigheas lé h-aghaidh súl tínn no le h-aghaidh doightheacha in gach tobar. Tá leigheas lé h-aghaidh an dá cheann í dtobar Cillín i gCorr bhaile. Deirtear go raibh sé ánn in aimsear na lochlannach agus gur líon lochlannach an tobar lé clocha agus cné acht núair a thainich sé arais ní raibh tada san dtobar. Do líon sé arís é acht bé an sgéal céadhna é, nuair a bhí sé gá líonadh an tríomhadh h-úair d'eirigh an t-uisge súas cúpla slat úaid, D'fhág an loclannach mar sin é annsin. Bhí dealbh de'n Mhaighdean Mhuire ann úair amháin acht níl ánn anois acht píosa de. Bhí bráthair ina a chómnúide in Atha Lúain tímcheall tríochadh blíadhnain ó shoin agus bhí aisling aige faoi an tobar agus séard a dúbhairt an Glór na an tobar a fhágháil amach agus seacht gclocha ó bhun an chrainn daraighe ata ós chionn an tobair a chaitheadh.Tara KingMichelle DunneMichelle DunneTara King