Aon uair amháin bhí fear ann. Pádhraig an tainm a bhí air. Bhí sé ina a cómhnuidhe i mBaile Breatán. Bhí teach mór aige agus ní raibh aon duine san teach leis ach é féin. Sean fhear do beadh é agus bhí sé ag eirigh seafóideach. Ní raibh brionglóid aige ariamh agus ní raibh fhios aige cé'n caoí a bféadfad le duine a bheith ag brionglóid agus é in a codhladh. Ceap sé dá bfanfadh sé in a shuidhe go mbeadh brionglóid aige. Aon oidhche amháin dfan sé in a suidhe. Bhí sé ag eirigh tuirseach mar ní raibh aon brionglóid aige agus bhí sé timhcheall cuig a clog. Ar cuma ar bith chuaidh sé ar a codhladh. Ní raibh sé í bhfaid in a codhladh nuair a thosuigh sé ag brionglóid agus bhí brionglóid maith aige , ceap sé go raibh sé ag fághail airgead agus óir. Nuair atá duine tuirseach bheidh sé ag brionglóid agus sin é an fáth a bhí Pádraigh ag brionglóid mar bhí sé an tuirseach.Geraldine Merrifield