Ins an sean áimséar nuair a bhí na saighdiúirí ag suibhal tríd na tíre bhí ar na daoine lóistín a thabhairt. Oidhche amháin tháinig siad go teach in raibh sean bean agus a mac ina gcomhnaidhe. Thug siad lóistín do cheann acu. Rinne an mac leaba dó in aice na tine. Da ghnáth leis an sean-bean éirghe gach oidhche ag caitheamh a píopa. Dubhairt an mac leis an saighdúir go dtagadh "Eailleach na Luathraighe" gach oidhche agus gan aon eagla a bheith air. San meadhan oidhche d’éirighe an sean bean. Bhí an saighdiúr ag faire leí tharraing sé chuige a ghunna agus marbhuaigh sé í. "Anois a fhear an tighe," adeir sé, "tá Eailleach na Luathraighe marbh.Jeaic Mag FhinnGA4228 2020 Orlagh CostelloeBhí fear amuigh oidhche dorcha agus bhí faitchíos mór air, mar bhí air dul thar roilige. Bhí cáil sidheógaí tart timcheall na roilige sin. Nuair a bhí sé in aice leis anGeraldine Merrifield