Aon uair amháin bhí fear darbh ainm Tomás Ó Síoda in a chómnaidhe ag Cnoc Néifin Mór. Bhí sé posta acht ní raibh aige acht an t-aon inghean amháin agus bhí sí dall ó rugadh í. Sé an t-ainm a thugadh na comharsanna uirthí "Nóna Dall". Gach oidhche théigheadh Seán amach ar cuairt go teach comharsanach. An oidhche Shamhna chuaidh sé amach ar cuiart mar ba gnáth leis. Ins an sean aimsear chreid na daoine go mbeadh gach púca agus sidheog amuigh Oidhche Shamhna chun scrois do dhéanamh ar na smeara dubha. Bhí sé deireannach go leór nuair a bhí sé ag teacht abhaile. Bhí crainnte mora ag fás ar gach taobh de'n mbóthair agus connaic sé fear mór agus é ag siubhal ó crann. Sheas gach ribe gruaighe ar ceann Thomáis in a sheasamh suas díreach agus níor fead sé cos a chorruigh as an áit a raibh sé. Faoi deire d'imthigh an fear as amharc agus rith Tomás abhaile chómh tapaidh agus a bhí sé indon. Nuair a bhí sé sa mbaile chonnaic sé go raibh an-áthas ar a bhean. Dúbhairt sí go bhfuair Nóra ramharc na súil timcheall leath-uair sul ar tháinic séGeraldine Merrifield