Bhí fear ann timpeall dhá scór go léith blíadhain ó shoin. 'Sé an t-ainm a bhí ar ná Micheál Ó hEidin. Bhí sé i-n a comhnuigh agus slíabhfionn. An úair seo bhí sé sean cailleach i mBaile Athá an Ríog agus bhí sé ag tabhairt dúais chúaig phunt do duine ar bith a caithfeadh smugairle le pictiúr an mhaighdeán Mhuire. Oidhche amháin bhí Micheál Ó hEidin ag cúairt dreach ecínt sa mbaile fearann agus chúala sé fé an sean cailleach. Annsin dúbhairt sé rachaidh mise chuig an cailleach agus gheobhfaid mé an cúig phunt agus ní caithfidh mé smugairle leis an bpictúir. Dubhairt duine de na comhairseanna nach geobhfadh sé an cuig phunt gan an smugairle a caitheamh leis an bpictúr. Dubhairt Micheál Ó hEidin geobhfaidh mise an cuig phunt agus beidh mé ar ais anseo roimh an tam seo amarach. Imtigh leat arsa duine eile. D'imthigh Micheál Ó hEidin amach agus níor stop sé go dtanich sé go teach an sean caillighe. Núair a tháinich sé isteach dúbhairt an sean cailleach. Céard a thug annseo thú. Dúbhairt Micheál Ó hEidin "Táinich mé chun an cúig phunt fhagháil. Gabh amach arsa an sean cailleach agus caith smugairle ar an pictúir agus geobhfaidh tú an cuig phunt. Ach ní dhéanfadh sin an gnáth cor ar bith. Tabhair dom an cuig phunt ar dtús. Thug sí an cúigBrian Ó Cearbhaill