an dhá oidhche atá againn adeir “ Séan an Lampa “ “ Oidhche Shamhnaí ” agus “ Oidhche Bealtaine “. Táinig an fear abhaile agus chuaidh sé ar a leabadh agus tá sé ann ó shoin.Bernie HughesMichelle DunneCian SalmonSgéal faoi Oidhche Shamhna. Bhí lánamhain óg pósta agus ní raibh aca acht aon mhac amhain. Nuair a mheaduigh sé súas in a bhuachaill óg ní choinbheóchadh rud ar bith istigh san oidhche é acht ag imirt cártaí. Bhiodh a mhathair i gcomhnuidhe, i gcomhnuidhe ag troid leis. Oidhche Shamhna a bhí ann annsin agus dubhairt a mhathair leis gan a dhul amach. "Ní bheidh mé amuigh deireannach. Rachaidh mé amach ar aon nós ar feadh sgathaimh bhig de'n oidhche." D'imthigh leis. Chuaidh sé amach. Nuair a bhí sé ag tigheacht abhaile bhí cúgan treasna na gcuirt agus chuaidh se thar claidhe. Bhí an Púca ar an taobh eileIngo MittendorfBernie HughesMichelle Dunne