Ag tumadh i gcoir ublaí agus airgid. Cuireann siad ublaí nó airgeadh i dtubain uisge. An duine a gheobhfadh an airgead bá feidir leis é a congbháil Cleas na dtrí baisín. Cuireadh duine cré uisge glán, agus uisge salach i dtrí baisiní. An duine a gheobhfadh an cré is é is tuisge a caillfear. An té a gheobhfadh an tuisge glán is é is tuisge a rachad thar fairrge. An té a gheobhfadh an t-uisge salach ní phósfadh an duine sin go bráth. Ag baint an cabaiste Racadh duine amach san ngáirdín agus puicín air. Bhainead sé crann cabaiste. Ma bheadh cós cám ar an crann phosfadh an duine sin fear nó bean cám. Ag cur gairteal amach i bpoll an ochair. Cuireadh cailín gairteal amach ins an bpoll. An cead fhear a thagad isteach sin é an t-ainm a bheadh ar an bfear a phósfadh sí Cleas na gcnó.Fiontar