Fadó bhí Caiseal í gCaisleán beag. Bhí daoine in a gcómnuidhe ann. San am céadna bhí lios í lisín-na-heilte "lios a heatúir abhí man ainm uithí. Chuaidh rógaire go dtí an Caiseal i gCaisleán beag agus ghearr sé an glas agus chuaidh sé isteach sa seomra agys ghoid sé lán croiceann searraigh d'óir. Cuir sé é suas ar dhruim agus d'imthigh sé comh tapaidh gur féidir leis agus nuair a bhí sé imthighthe chuaidh daoine isteach sa seomra ag chonnaic siad go raibh an cór imthighthe. Fuair siad gunna augs chaith siad urchar agus bhí an fear ag dul isteach sa lios agus an t-ór ar a dhruim agus do mharbhuig siad é leis an urchar. Rith siad go dtí an lios chun an t-ór a fhágháil ach shul ar ar shroich siad é. Bhí an t-ór curtha istigh sa lios agus tá sé ann go fóill.Máire Áine Ní Shuilleabháin