Deirtear nár ceart bheith ag déanamh torannan fhad is a bhíonns an duine ag fághail bháis. Má déanann deirtear fgo dtiocaidh aithbheocdhcaint arís ar an duine agus go mbéithfear ag cur lé'n a phíanta. Le linn an tóraimh má cloistear ainmhidte an tighe ag gláodhac le chéile ar a dó dhéag a clog. Deirtear go mbéidh bás eile sa dteach céadhna gan morán moille. Má bhíonn baisín úactair réidh le maistreadh a dheánamh agus má bhíonn duine taréis bás dfághail sa dteach cheadhna deirtear nár ceart don líontighe an maistreadh a dhéanamh. Nuáir beirtear an corp chuig an Seipéal deirtear nár ceart dul thar an roilig agus de gnáth teigheann siad cúpla míle níos fuidhe i dtréo nac dteigheadh siad thar an roilig.Emma Nic Thomáis