[-]Conchúr Mag EacháinTherese CollinsLá'l Bríghde: Fadó bhíodh daoine bochta ag imtheacht la'l Bhrighde aguscrios Bhrighde aca. Bhíodh sí déanta d'fhéar tirm. Bhíodh babóg aca freisin, agus í gléasta. Bhíodh na babóga ag na cailíníbh, agus an chrios ag na buachaillíbh. Nuair a thagaidí théigheadh muinntir an tíghe amach tríd an gcrios trí uair, agus déanfadh na daoine a bheadh dhá iomchar, "Crios Bhrighde mo chrios, crios na cheithre gcros, má's fearr atá sibh anocht go mba seacht fearr a bheidh sibh bliadhain ó anocht." Tugtaoi déirce dóibh annsin. Aoine an Chéasta: Deirtear aon síol a chuirfear Aoin an Chéasta nach loicfidh sé. Domhnach Cásca: Fadó ní thugadh daoine splanc ná bainne uatha Domnach Cásca. Lá BEaltaine: Bhíodh daoine eile ag iarraidh an ghrian a fheiceál ag damhrughadh, agus daoine eile ag iarraidh an bhó a bheith blighte aca sul ma d'éireochadh an ghrian lá bealtaine. Lá'l tSin Seain: Bíonn teine cnámha i-n gach baile lá'l tSin Seain, agus bíonn ceól agusConchúr Mag Eacháin