[-]Scott LeminskiTherese CollinsLá'l Bhríghde: Bhíodh daoine bochta ag imtheacht go stí le ceathair nó cúig de bhliadhantaibh ó shoin ag bailiughadh fataí agus plúir agus chuile shórt dá bhfuigheadh siad, agus bhíodh crois ádhmaid agus súgán tuighe aca, agus duine ar bith a thiubharfadh rud ar bith dhóibh déarraidís nach mbeadh aon bhaoghal báis ar an bhliadhain sin, agus déarraidís an phaidir seo: "Crios Bhríghde mo chrois, Crios na cheithre gcros, Má's fearr atá tú anocht, Go mba seacht bhfearr a bhéas tú bliadhain ó anocht." An té a bhéarfadh tada dóibh déarfaidís leis a dhulScott Leminski