An Eitinn: Deirtear go bhfuil na Nóiníní indon daoine a bhfuil an Eitinn ortha a leiggheas dá mbeidís bruithte agus ollmhuighthe mar is cóir; acht níl na daoine indon é sin a dhéanamh leo. Easbadha: Tá lubh ar a dtugtar Muinnbhead agus bruithtear thríd uisce é agus cuitear leis an áit a mbíonn na hCasbuidhí é agus leigheasann sé iad, Gortughadh At: bruithtear luibh ar a dtugtar Ocas agus cuirtear é leis an áit a bhíonn athta nó gortuighthe. Cuirtear ke ainmhidhthribh a bhíonn tinn é freisin. Tugann eibheann le n-ithe do ainmhidhthibh a bhíonn tinn is cuma cé'n tinneas a bheadh ortha, agus tugtar dóibh mara mbeadh siad tinn chor ar bith. An Triuch: Ba é an leigheas a bhíodh aca ar an Truich: chuiridís páiste fá bholg asail. An leicneach: Ba é an leigheas a bhíodh aca ar an leicneach: chuiridís flich a bhíodh téidhte leis an teinidh, leis an leiceann a bhíodh athta agus déanadh sé maith dhó. Rud eile do dheinidís nuair a bhíodh sí air a chloigeann isteach i bhfail muice agus deireadh sé,KGFWConchúr Mag EacháinTherese Collins