[-]Scott LeminskiTherese CollinsNuair a bhíodh na daoine go dona leis an Truich ba é an leigheas do bhíodh aca bainne asail d'ól, agus ta minéagla go maith freisin. Tinneas fiacal: Ba é an leigheas do bhíodh aca ruainne salainn a chur in do bhéal agus gail tobach a chaitheadh, agus nuair a tógfaí pota fataí do'n teinidh a dhul ó's cionn an ghail, agus é do leigint isteach in do bhéal. Dertear dá nólfaidhe uisce ar tobar beannuighthe go bhfuil leigheas ann le h-aghaidh galar. Dóghadh: Dá n-éirigheadh duine sul a d'éireóchadh an ghrian maidin la'l bealtaine agus a éadan a nigheadh san drúcht ní dhághfadh an ghrian aríst go deo é. Bruitíneach: 'Sé an leigheas a bhíonns ag daoiníbh ar an mbruitíneach go leór poitín d'ol. Noscóideacha:Conchúr Mag EacháinTherese Collins