[-]Scott LeminskiTá an Crogán Árd, Creig ~"Robinson" , Creig na Réaltóga, Criag na Droimíní, An Pháirc Dhearg, Cill Cuala, Poll Mór, Criag Niocláir, Gort an Ríogh agus Criag na gCaorach. Is as na criagaibh atá siad seo i bhfeilmm'athar i gCillmhuirbhigh imbaile fearainn Chillnhuirbhigh. Seo iad na páirceanna atá ar íochtar fheilme m'athar An Túrlach Mór mar tá sé an-bhog agus fliuch, Criag an Bhalla mar bhí sean-teach ann fadó, agus tá a chuid ballaí fós ann le feiceáil An Gort Fada mar tá an pháirc an-fhada, Gort a Ríog an Tráin, Crocáinín ina gcúig scilleacha; mar tá tobar le na taobh ar a dtugtar Tobar na gcúig scilleacha, Garrdha na Carriage, Garrdha an Asail agus an Pháirc Bheag. Is as thalamh m'athar atá na páirceanna seo uilig. Tá aill siar ag Dungabhla imbaile fearainn Dhungabh;a ar a nglaodhtar, Aill Ua Lúnadáin, agus tá aill eile ann ar a dtugtar Carraig na gCrosán; mar bíonn éanlaithe ag codladh ann ar a dtugtar na Crosáin. Tá aill i gCreig an Céisín ar a dtugtar An Truagh Mhairbh; mar bhí fear agus bean ann fadó agus bhí spéice mór amach as an aill, agus dubhairt an bhean leis an bhfear an spéive a thómhais ina iroighthíbhTherese Collins