Nuair a bhíonns aimsear garbh air tagann corrughadh san bhfairrge, agus tagann múir báistighe , agus bíonn an aimsir an fhuar . Tugtar fá ndeara go mbreathnuigheann na sléibhte an ghar dúinn; go mbíonn léasán thimcheall na gealaighe ; go dtagann gála mór, agus gurb' í an ghaoth an deas an ghaoth is mó a thaganns báisteach. Amantaí eile, tagann gála mór roimh an mbáistigh, agus nuair a dhéanann sé ndeara go mbíonn na faoileáin ina luighe achar isteach on bhfairrge , agus amartaí eile ina seasamh nó ag eitilt go h-íseal,; go mbíonn an spéir ag breathnughadh dorcha , agus na scamall ag rith innte . Nuair a bhíonn ceó mór ann le duire gealaighe , deirtear go mbíonn báisteach air. Chídhtear go mbíonn an súghaidh bog san t-simne , agus go dtuiteann sé freisin le linn báistighe a bheith air.Conchúr Mag EacháinAnaithnid