dó, agus dúbhairt sí gur mó an sóg a bhí aice ó chuaidh sí go h-Ifrionn. Annsin dubhairt sí gur mhaith leí a bheith in éindígh leis. Dúbhairt Sé leí dul abhaile, agus a bheith ag guidhe. Is gearr go bhfuair sí bás, agus bhí sí in éindígh leis na trí anamnaibh 'sna Flaithis.Therese CollinsBhí bean ar Conn Mhaichne Mara agus theastuigh uaithe a dhul go Gaillimh. Bhí sí ag dul síos an bóthar agus dáinig fear roimpe, agus d'fhiafruigh sé di cá raibh sí ag dul. Dúbhairt sí leis go raibh sí ag dul go Gaillimh. "Teanaim in-éinfeacht liomsa," adeir sé "go dtiúbhraidh tú bainne do'n pháiste". "Gabhad" adeir sí, "acht an ngeallfaidh tú dom go bhfágfaidh tú annseo aríst mé.?"Geallfad", adeir sé. Bhuail sí ar a chúla ar an gcapall. Bhíodar ag imtheacht go dtáinigeadar go dtí'n teach. Bhuaileadar isteach, agus thug sí bainne do'n pháiste. An fhaid a bhí sí istigh bhí sean-fhear san gclúid, agus bhí sé ag caoineadh. An t-am a bhí sé reidh thug an fear leis í, agus d'fhág sé san áitAnaithnidTherese Collins