Bhí fear saidhbhir agus fear bocht ann fado. Dubhairt an fear saidhbhir go féarr an rógaire agus dubhairt an fear bocht go féarr an cneasta. D'fág siad ag an bhfear bréagach. Dubhairt an fear bréagach go féarr an rógaire agus bhí chúig punt caillte ag an bhfear bocht. Casadh dé lá-n-a báireach é agus d'fhiafruigh an fear bocht de'n fhear saidhbhir. Cé is féarr an rógaire ná an cneasta? Dubhairt an fear saidhbhir go féarr an rógaire agus dubhairt an fear bocht go féarr an cneasta. "Cuirfidh mé chúig púnt go féarr an rógaire" a deir an fear saidhbhir. Níl na chúig púnt agam acht tiubhradh mé mo cuid leabhra duit. Casadh aráist an tríomhadh é. Dubhairt an fear bocht go féarr an cneasta agus dubhairt an fear saidhbhir go féarr an rógaire agus pioc sé amach na dá shuil as an bhfear bocht. Bhí sé ag imtheacht roimhe go ndeacha sé isteach ins an teampull. Ní raibh sé móran achair istigh ann nuair a tháinig go leor chait. Labhair an sean-chat agus a dubhairt: "Tá sgéal agam le n-innseacht diobh." adeir an sean cat. Sgólai bocht a baineadh an dá súil as indé agus leigheas ingar dó. Tá tobhar ins an teampullPól Ó Braoin