Don' Maighdin Mhuire.
A Mhuire Mháthair is tú máthair Mhic Dé
Go gcuiridh tú ar mo bhealach mé,
Go mbreathnuighidh tú orm i bhfus agus thall,
Agus go raibh tú liom gach uile lá.AnaithnidEoin P. Ó MurchúAg Coigilt na teineadh
Coiglim an teine seo mar choigil Críost,
Brighid i n-a bun agus Muire in a bárr,
An dá Easpal Déag atá i Ríoghacht na bhflaitheas,
Ag cumhdach an tighe ar na ndaoine go lá.Conchúr Mag EacháinEoin P. Ó MurchúPáidrín Páirteach i nGáirdín Phárthus
Ag moladh na máthar a bhí ariamh gan locht.
A mhic na ngrásta a d'fhulaing a pháise.
Tabhair mo anam slán ar gach uile olc.Eoin P. Ó Murchú