(D) Is rud mí-adhamhail é a phósad ar lá Bealtaine. (E) Deirtear gur rud mí-adhamhail é bainne a thabhairt do dhuine ar bith ar lá Bealtaine. (F) Is rud mí-adhamhail é rud nó obair ar bith a thosnughadh ar Dia Satharn agus deirtear nach mbeadh sé criochnuigthe go deo. (G). Is rud mí ádhamhail é pósadh ar lá Fhéile Brighde nó ar an lá sin dé'n t-seachtmhain i rith na bliana. Sé sin le rádh má thuiteann Lá 'le Bhríghde ar Dia Luain is rud mí-adhamhail é pósadh ar an lá seo nó Dia Luain ar bith i rith na bliana.B Cunningham