an bualadh is measa a fuair sé ariabh i nós nach raibh sé in-dhán rud ar bith a dhéanamh ar feadh trí mí. Do bhain sí geallamaint dhe nach n-imreóchadh sé an port míadhamhla sin go deó arís. Do coinnigh Seán a geallamhaint agus tar éis dhá bhliain bhí an phort beagnach imtighthe as a inntin. Oidhche amháin in dhiaidh an dá bhliain thugadh cuireadh dó a theacht go bain-fhéis agua a phíopa a thabhairt leis. Chuaidh sé ann agus bhí beirt bhialadóirí ag imirt an freisin. I rith na h-oidhche d'eirigh díospóireacht idir Seán agus an beirt bhialadóirí cé bhí in-dán an pórt is deise imirt. Thosuigheadar ag argóint agus faoi dheire rinne (rinne) Seán dearmad ar an geallúint a thug sé d'á mháthair agus dubhairt sé go raibh sé in-dhán port a imirt nach raibh duine ar bith eile in dhán imirt. Thosuigh sé ag imirt an port sidhéogach acht ní raibh ach píosa beag dhe imrighthe aige nuair thosuigh gaoth aisteach ag séidead istigh sa teach. Mucadh an lampa, thosuigh na daoine ag rith annseo agus annsiúd, thuit na cathaoireacha agus na tábla ar an urlár, thuit na soithigh agus gach uile rud agus briseadh iad agus dóirteadh gach rud a bhí ionnta agus bhí rí-rá rúille búille ar fud a tighe. Bhí an gaoth ag séidead go láidir thart timcheall ar Seán agus faoi dheire séidead suas an simléara é agus fir beag bídeach suas in a dhiaidh. Chómh luath is a bhí Seán imtighthe amach as a teach las an lampa arís agus chonnaic na daoine go raibh gach rud ar ais arís in a áit ceart agus go raibh Seán bocht imtighthe. Bhí Seán imtighthe leis an sluagh sidhe go cinnte agus chaith a mháthar bocht dhá bhliain in a cómhnuidhe leithe féin agus í ag caoineadh ar Seán bocht. Is minic a siubhalfadh sí treasna na páirceannaibh go dtí an lios mór agus is minic a chonnaic sí Seán ag imirt a phíopa leis an beiert bhialadóire sidheógach acht ní raibh neart aici é a shaorú. Sin an cuma a bhí ar na rudaí oidhche amháinB Cunningham