do gach duine de na páistí agus abrann sé an rann seo "Lúrabóg lárabóg fínín, plub na súl agus mar sin. Frog i lár an ciorcal; Bíonn an-spóirt ag páistí ag an gcluiche seo. Beire[ann] sgata páistí lámha a chéile agus gníonn siad fáinne nó ciorcal agus fágtar duine amháin taobh istigh i lár an fáinne. Caitheann an duine seo a súile a coinneál dúnta agus gluaiseann ná páistí eile in a thimcheall agus deireann siad an rann seo: - Frog i lár an fáinne ní'l tu in dan mise a bhreith, agus bíonn an "frog" ag iarraidh breith ar duine aca i gcómhnuidhe. Nuair a bheireann sé ar duine aca téigheann and duine sin isteach i lár an fháinne agus téigheann an duine eile ar ais in a áit. An sionnach agus na géabha:- Is féidir do bheirt an cluiche seo imirt. Tarraingeann duine amháin dá crosa mar seo # agus cuireann duine amháin marc mar X agus and duine eile neamhna no 0 i ngach spás atá ann. Bíonn an buaidh ag an duine a mbíonn trí cinn de mharca in dhiaidh a chéile aca. (B) Cluiche a n-imrightear amuigh faoi'n aer. Geataí Árda:- Is maith le gach páiste an cluiche seo. Bailigheann sgata páistí le chéile agus gníonn siad fáinne nó ciorcal agus fágann siad duine amháin as an fáinne. Annsin ritheann an duine sin ó páiste go pháiste timcheall an ciorcal agus cómhaireann sé ó aon go fiche agus an té a tuiteanns fiche air ritheann sé in dhiaidh an duine eile go mbeireann sé greim air. Annsin téigheann an chéad duine isteach san fáinne agus ritheanns an duine eile timcheall an ciorcal arís. 'Se an fáth go bhfuil an t-ainm sin ar an cluiche seo mar coinnigheann na páistí san fáinne a lámha suas leis na páistí atá ag rith a leigint isteach a's amach. Tugtar geataí ar an spás a fágtar idir gach duine.B Cunningham