Fúair spealadóir an ceann is fearr ar an gCailleach Beárach se deireadh ach meireach an inntin Ghabhann ní bhfuigeadh. Chúaidh sé ciug an ngabhainn agus dubhairt sé leis spéal a dhéanamh dó. Dubhairt an "iníon" leis an Gabha an speal a fantú dó. Rinne an Gabha sin. D'imtigh an fear annsin go dtí an Cailleach Béireach. Chuir sé tairní cliath-fuirstí san bhféar roimpi-se agus tosuigheadhar beirt ag spealadóireacht. Bhí na tairní a bhaint an fhaobhair de speil na caillighe. "Faobhar a bhainfeadh féar" adeireadh sí "Ní h-eadh a Chailleach adeireadh seisean "acht fear láidir agus speal ghéar. Ach bhí sé a teannadh súas leithe aríamh go bhain sé na cosa duithe agus gur mharbhuigh se í"Matt Smyth