Bhí bean i n-a comhnuidhe i mbothán beag ar thaobh sléibhe bean an-bhocht a bhí innti. Agus bhí aon mhac amháin aice do bhí bó aca, lá dubhairt an mháthair leis an mac a dhul ar an aonach agus an bhó a dhíol nach raibh aon airgead aca agus go gcaithfheadh siad an chíos a íoc. D'eirig an buacaill ar maidin agus d'ith sé a bhricfásta agus d'imthigh leis chuig an aonach é fhéin agus an bhó. Nuair a bhí sé i ngar de'n aonach casadh firín beag dó agus d'iarr sé an bhó ar air leath de ubhall dubhairt an buachaill nach dtubradh. "Bí ag imtheacht mar sin arsa an firín leis an mbuacaill. Ní raibh morán acair siubhalta aige nuair a casadh firín eile dhó. D'iarr sé an t-ubhall air, arAnaithnid