Bhí Sagart agus Ministéara in aon phobal amháin, fadó, agus bhíodar an-mhór le n-a chéile. Lá amháin casadh an bheirt aca a chéile agus thug an Sagart cuireadh do'n Mhinistéara a dhul ag dinnéar chuige féin lá'r na bhárach. Nuair a chuaidh an Sagart abhaile d'orduigh sé do'n chailín aimsire an dá Chearc Fhranncach a bhí ann a mharbhú' agus iad a bheith réidh le h-aghaidh an dinnéir lá'r na bhárach mar go raibh Ministéara le theacht ag an dinnéar. Chuala an buachaill é agus ar an bpuinnte is a bhí an dá chearc Franncach réidh ag an gcailín d'orduigh an buachaill iad a chur síos. Chuir. Bruitheadh agus itheadh iad i ngan fhios do'n Sagart. Nuair a bhí sé i ngar d'ám dinnéir tháinig an Ministéara agus bhí an SagartPól Ó Braoin