Bhí duine uasal ann fadó agus lá amháin a raibh sé amuigh ag siubhal dó féin casadh fear bocht dó agus d'iarr an fear bocht air a theacht go dtí a theach. Chuaidh agus d'ith siad a ndinnéir le chéile agus indhiaidh an dinnéir shuidh siad síosag caint. Bhí páiste ar an urlár ann agus bhí sé ag lámhachán ann agus ag déanaamh spóirt dó féin agus bhí an fear bocht ag breathnughadh air ach sa deireadh labhair sé "Nach iomadh rud a bhíos le déanamh ag an bpáiste féin" adeir an fear bocht. "Muise céard a bhíos le déanamh aige" adeir an duine uasal. "Cuirfeadh mé geall leat nach ndéanfadh tusa chuile rud a dheanfas sé" adeir an fear bocht. "Cuirfeadh mé leat" adeir an duine uasal. "Céard a chuirfeas tú" adeir an fear bocht.Máire Ní Chonghaile