Bhí fear ann fadó is sé an t-ainm bhí air Seáinín. Lá amháin bhí Seáinín ag dul ag pósadh, is fuair a mháthair go leor rudaí deasa dhó. Fuair sí cearc is bhruith sí í. Ansin dubhairt sí le Seáinín "rachaidh mise ag iarraidh na mná agus an tsagairt dhuit". "Tá go maith" adeir Seáinín. "Anois cuirfidh mé an chearc síos ag rósta is ná leig di dóghadh". D'imthigh an mháthair ag iarraidh an tsagairt agus na mná. Thug Seáinín aire don chearc ar feadh tamaill. Ansin tháinic dúil aige sa sa gcearc agus adeir sé "tá ceathramha den chearc soe dul domsa agus íosfaidh mé é. Tá ceathramha eile ag dul don tsagart agus is fearr an aghaidh orm féin é ná air" agus d'ith sé an piosa bhí dul don tsagart. "Tá ceathramha eile ag dul go mo mhnaoi is, is fearr léithe mise dhá ithe ná í féin" agus d'ith sé an ceathramha bhí dhul dá mhnaoi. "Anois" adeir sé "níl fágthaagam ach an ceathrú tá dul go moMáire Ní Chonghaile