Bhí fear ann fado agus rinne sé teach ar bhárr cnocáin . rinne sé le adhmuid é . Síl sé go raibh sé sáthach daingean . Thaínic stoirm oidhche . Is gearr gur thosuig an teach ag corruigh leis an stoirm. Chuaidh an teach sios an cnoc . Níor stop sé ariamh gur bhuail sé suas i aghaidh tige eile. Bhain sé geit as a raibh sa teach eile . Bhí faitchíos ar na daoine a bhí sa teach a dhul amac , nuair a chonaic siad an teac in aghaidh na fuinneoige . D'fhanadar mar sin go maidin . Bean agus a ingean a bhí sa teach . D' eirig an bean amac ar maidin . D' fiafruigh sí don fear a tháinic síos on cnoc cad a thug annseo é. Dubhairt sé gurb é an stoirm a chuir sios an cnoc aréir é . Deir sí leis , é féin agus a theach a imtheact as seo go beo . Dubhairt sé go n-imtéochadh sé chomh luath agus a d'feadfadh sé. "GlanConchúr Mag EacháinAnaithnid