Uair amháin bhí flaith in a chómhnuidhe i nGaillimh agus bhí cómhnuidhe aige i Caisleán mór. Bhí sé ana flaitheamhail amach is amach agus lá amháin chuir sé fios ar daoine teacht cuig dinnéar. Bhí sagart 'na measg agus sul a n-imthigh sé thug sé a Crois agus a leabhair urnaighthe leis. Thar éis an deinnéir thosuigheadar ag imirt cartaí agus erl. agus d'airigh an sagart go raibh rud eicínt faoí an flaith ach ní dhubhairt sé tada. Ar feadh an tráthnóna nuair a bhí na daoine ar tí imeacht dubhairt an flaith go raibh rud eicínt le rádh aige leo. Annsin chuaidh na daoine isteach i halla mór agus dubhairt an flaith leó dul ar a nglúnaibh agus é áireadh. Chuaidh na daoine ar a nglúnaibh ach amháin an sagart agus d'fhan sé é féin i n a shéasam. Thosuigh an flaith ag féachaint ar na daoine, a gcloigeann crómta agus ag tabhairt áireadh dó, ach nuair a tháinic sé go dtí an sagart ní bfaca sé ach Crois mór. Leag sé srian as, agus nuair d'fhéach na daoine suas ní flaith a chonnaic siad ach meall teine.Arndt Wigger