Thárla an rud ait seo i mBlá' Cliath fiche bliain o shoin. I amhlaidh a bhí cúpla cailín i n a gcómhnuidhe le chéile i n aon theach amháin. Oidhche amháin chuala duine de's na cailíní guth 'ghá rádh léi, "ceithre lá eile go dtiocfadh an bás." Dár ndóigh tháinic scannradh ar an cailín boct agus ní raibh sí in ann néal codhladh d'fhághail an oidhche sin. "O! a Mháire níl tú ag féachaint go maith i n aon chor" agus "tá dath an bháis ort" agus a lán abartaí eile a chuala Máire boct nuair a chuaidh sí síos go dtí a bricfeasta, annsin d'innis sí an scéal do's na cailíní eile, act dubhairt cuid aca nach raibh sí act ag brionglóid. Thárla an rud sin ar oidhche De Céadaoin, agus an Satharn 'na dhiaidh sin nuair a bhí na cailíní go léir ag fóghluim, sheas duine de's na cailíní suas, agud d'iarr sí cead dul amach go raibh sí tinn. Níor chuala na cailíní tada faoi ar feadh an Sathairn sin ná an Dómhnach ach an oiread. Oidhche Domhnaigh bhí brionglóid ag duine de's na cailíní agus cheap sí go bhfaca sí éan bán ag teact isteach san seómra in a raibh an cailín tinn. Nuair dhúisigh na cailiní ar maidin chuala siad go bhfuair an cailín bás go moch ar maidin Dé Luain.Pól Ó Braoin