Thárla an rud uathbhásach seo in Úactar Árd i Co na Gaillimhe an t-ám a bhí cogaibh Napolean ar siubhail. San am sin, thug na daoine faoí ndeara go mbíodh cuirp na daoine a bhí curtha, tógaighthe aníos as an uaigh ar maidin. Tá an roilg sin suidhte in aice le Loch Corrib, acht san am sin bhí aghaidh an gheata ar an loch, agus indhiú tá sé in aice an bhóthair. Dár ndhóigh bhí eagla ar na daoine san baile sin nuair a chloisfidís na sgéalta a n-innseóchaidh na daoine dhóibh mar gheall ar na cuirp a bhíodh tughtha aníos as an uaigh agus cé go ndheachaidh a lán daoine ar lorg na gcorp, ní bfhuairidís táisg nó tuairisg ar na cuirp ariamh. Bhí tíghearna talmhan in a cómhnuidhe san áit sin darbh ainm dó Ó Flaithearbhtaig agus bhí triúir mac aige. Bhí cómhnuidhe air agus a chlann i caisleáin breágh, agus nuair a chuala sé an scéal a bhí ag dul timcheall an baile bhailigh sé a lán daoine cun fhoghnamh a thabhairt ar uaigh an chéad duine marbh, agus céard é an chéad duine a fuair bás ná a bhean féin. Oidhche geal a bhí ann, nuair a fuair bean O Flaithearbhtaigh bás. Bhí eagla mór ar na daoine mar bhí fhios aca go maith go dtárla an rud céadhna do'n bhean. An oidhche sin d'iarr an athair ar an chéad mac an raibh sé sásta dul go dtí an uaigh agus fanamhaint in aice uaigh a mháthair, ach thosuigh sé agB Cunningham