Crios Brighde Ar dtúis téigheann duine amach sa ngarrdha agus tarraingheann sé lán a glaiche de fíoga, agus tubhrann sé abhaile na fíoga agus dó nó trí de punnannaibh tuighe i mbratóg. Cuireann sé an bratóg súas ar chrann sa ngarrdha chun go mbeadh fósgadh ag Naomh Bríghid faoi. Téigheann sé thart timcheall an tighe go dtagann sé go dtí an doras agus deireann sé, leigfhidh tú isteach Bríghde. Deireann na daoine atá istigh, Leigfheadh agus céad fáilte. Imthigheadh sé leis agus déarfhaidh sé an rud chéana trí úaire. Thagadh sé isteach annsin agus déanfadh duine éicint an Crios Brighde. Déanfhadh duine eile crios de na fíóga agus cuireadh sé ins an gcrios tuighe é. Theigheadh duine den chlainn tríd an crios annsin. Bíonn féasta deas achú annsin in ónoir Naomh Brighde. Fúaireas an scéal seo ó Bean Úi Sheóighe Currywongáne.AnaithnidLiam Ó hAisibéil