Comharthaí na h-aimsire Comharthaí ón ngréin: 1 Nuair a theigeann an ghrian síos go déas dearg tráthnóna samhraidh - sin chómartha go mbeidh a lán áimsear bréagh againn. 2. Má bhíonn an ghrian dearg ar maidin uaireannta tagann báisteach an lá sin. Comharthaí ó'n gealach. 1. Nuair a feictear ceó i n-aice na gealaig tá báisteach ag teacht. 2. Nuair a fheictear fáinne mhór thart timcheall na gealaige tá báisteach ag teacht. Comharthtaí ó na réaltoga. 1. Nuair a bíos na réalta an gheal deirtear go bhfuil báisteach i ngar dúinn. 2. Nuair a thuiteas na réaltoga ó'n spéir bíonn stoirm is báisteach ag teacht. Comharthaí ó'n ngaoth. 1. Nuair a bhíos an gaoth adtuaidh ag séideadh tagann aimsear cruaidh sioc agus báisteach. comharthaí os na héanlaithib. 1. Nuair a thagann ealaí go dtí na locaí thart annseo tá stoirm ag teacht.Liam Ó hAisibéil