Phós Gráinne Flaithbhearthach agus rugadh mac dóibh lá dá raibh ar thuras farraige. Ar an ábhar sin tugadh 'Long Ó Flaithbhearthaigh' air. Duine ruadh ab'eadh an mac seo. Fuair a céile bás agus tamall ina dhiaidh sin chas sí ar uasal as an tSasain agus phós sí é seo. 'Corragán' ab ainm dó. D'réir cosamhlachta ní ró-mhaith a réitigh 'Long' agus an Corragánach agus bhí an mac i gcomhnaidhe ag fanacht le seans a fhagháil le deire a chur leis. Lá amháin chuaigh an bheirt aca amach ag siubhal agus tharla go dtáinig siad go bruach nó ciumhais Fuatha.Do sheas siad araon ag féachaint síos ann- an Corragánach 'na sheasamh roimh Long agus céard a rinne Long ach sathadh maith a thabhairt do mo dhuine agus isteach leis thar a cheann san bhfuath. Ar ndóigh marbhuigheadh láithreach é agus ó shoin tugtar 'Fuath Chorragáin' ar anMáire Ní Chonghaile