Bhíodh cuid de na daoine cúig bliadhna déag agus cuid eile fiche bliadhain sara gcaithidís bróga san áit seo. Bhí fear insan áit seo nar chaith aon b'hog ariamh. Caitheann said an t-uisce a nigheann siad na cosa amach insan gcárn aoiligh . Bhí fear ina ia chomhnuidhe idir Dúnlochán agus Nannin, thug na daoine cos mar leas -ainm air mar do mharbuigh sé taidhbhse le sciain. Ní dheanann siad aon bhróg san áit seo anois.Tá chuile (dao) duine indon caoi a chur ar bhrogaibh. Bíonn scian , leathar, casúr ,tainngidhe,snathad agus lín acu nuair a bhíonn siad ag obair le brógaí. Níl na gréasaidhthe chomh fairsing anois is bhí siad fadó . Ni raibh aon bhróg agna daoine san áit seo acht bróga déanta as leathar.Conchúr Mag EacháinAnaithnid