1. Is minic a thug cuile fear buile le fánaidh. 2. Ní fhágann minic onóir. 3. Is fearr suidhe gearr ná seasamh fada. 4. Molann an obair an fear. 5. Chonnaic mé cheana thú mar dubhairt an catt leis an mbainne bruithte. 6. Gheobhaidh na ba bas an fhaid is béidis an féar ag fás. 7. Ar sgáth a chéile, seadh, mairidh na daoine. 8. Is fearr súil le muir ná súil le uair. 9. Is geall le sgíth athrú oibre. 10. Is lúth ná .... máthair an droch ádhbhair. 11. Is iomdha leanbh maith a bhaineadh as a chleachtadh. 12. Sioc tús oidhche, díol Fionn a bhróga. Sioc deire oidhche tiubhraidh sé dá péire uachtairí ar an dhá péire buan. 13. Is báidhiúl iad lucht aon céirde. 14. Beatha teangan í a labhairt. 15. Bailigheann brobh beart. 16. Is iomdha lá sa gcill orainn. 17. Is beo cailleach gan iasc ach ní beo í gan arán. 18. Tosach maith, leath na h-oibre. 19. Cé nach ngabhann comhairle gabhann sé leis an gcomhluadar. 20. Is teann madra indoras a thighe féin. 21. Ní fhuair an sionnach ariamh teachtaire nios fearr ná é féin. 22. An té nach gcuirfidh snaidhm cuirfidh sé dhá ghreim. 16.Máire Ní Chonghaile