Amadán Cuilleach Bhí amadán i gCuilleach baile atá i bhfuighseacht dhá mhíle de'n Líneán. Bhí fear ag imtheacht ag tógáil cíosa agus bhí agus bhí sé ag imtheacht nó go dtáinig go dtí Cuilleach san áit a raibh an t-amadán in a comhnuidhe. Tháinic sé isteach i dteach an amadáin agus chroch sé a chóta ar cúl an dorais agus chroch sé a hata ar phionna a bhí san mballa. Leag sé a mhála airgid ar an mbord agus a chuid leabhar. Bhí féasóg mór fada air síos go dtí a bhásta. Thosuigh na míoltógaí luighe ar a phlait agus thosuigh an t-amadán ag rith ar na míoltógaibh. D'éist an t-amadán leis na míoltógaibh nó go raibh suas le scór aca ar a cheann. Fuair sé túairigín agus bhuail sé an duine uasal agus mharbhuigh sé é. Thug an mháthair agus an t-athair an duine uasal agus chuireadar é. Bhí an t-amadán ag faire orra. Bhí fhios aca go n-innseóchadh an t-amadán orra agus nuair a bhfuair siad an t-amadán in a chodhladh thógadar an duine uasal agus chuireadar gabhar in a áit. Nuair a bfada le na muinntir ag baile go raibh sé ag tigheacht. Tháinic siad ar a thúairisc agus nuair a tháinigPadraig Ó Fionnagáin