Bhí Landlord ina chómhnaidhe i Castle Ellen ar a dtugadh Watty Lambart air. Bhí sé ina Landlord ar baile beag ar a dtugtar Rath h-Árd air taobh thuaidh do Blán Ríogh. Is ann a bhí teachín beag Michil Ó h-Íne agus bhí sé an bhocht acht mar sin féin bhí sé an-mhór le Watty. Chuala Micil go raibh Watty a’ dhul le na daoine as Ráth h-Árd do cur amach ar an mbóthar. Bhailigh sé na fir idir óg agus aosta a bhí ann le chéile agus síos leo go bhfeicfeadh siad an bhfágfadh Watty istigh iad. Sul ar shroich siad an teach mór chuaidh siad síos i gclais mór a bhí i lár na coille leis an phaidrín a rádh. B’é Michil a bhí ’ghá radh agus na daoine eile ’ghá fhreagairt. Bhí hata árd Mhicil fágtha le ’na thaobh ar an dtalamh is séard a bhí na garsúin óga a’ dhéanamh na ag caitheamh clocha beaga leis an hata. Thosuigh Micil ag bagairt ortha acht ní raibh aon mhaitheas ann. Mar sin féin críochnuigh siad an phaidrín agus síos leo go dtí an teach mór. Bhuail Micil ar an doras agus tháinig Watty féin amach. “Ó a Mhicil” ar seisean “céard a thug annseo thú agus céard tá na fir a’ déanamh annseo.” Bhí an hata ina lámh ag Micil agus na fir go léir ag creachadh le faitfhíos roimh an tighearna. “Tá mé ag iarraidh ort in ainm Dé na daoine bochta seo a fhághail istigh” arsa Micil agus fearg air. “Amach atá siad ag dul” arsa Watty. “Cen chaoí a dtaithneochadh sé leat dá gcuireadh amach as do theach féin thú” arsa Micil. “Is liomsa mo theach-sa agus is liomsa do theach-sa freisin. Is muna thiubhraidh tú aireSeán Ó Séaghdha