Bhí Lord mór i mBláth Cliath agus chuir a bhean píosa antraide dá dhéanamh le adhbhar léinteacha don’n Lord, nach raibh a leithid le fághail. Chuir an Lord an cóistóir ag coinnigh chuig an fíghadóir é. Nuair a bhí an cóstóir ag dul abhaile bhí sé ag dul thar a theach féin agus chuaidh sé isteach. Dubhairt a mbean leis go mbainfidh sé adhbhar léine de’n antraid a bhí aige. Dubhairt a cóstóir léi gan a bhaint má bhí an t-ádh uirthe. Bhain sí adhbhar dhá léine de’n píosa antraide i ngan fhios do’n Cóstóir. Rinne sí léine do’n Cóstóir. Nuair a chuaidh sé istigh san yard casadh bean a’ Lord air agus thug sí fá ndeara a léine a bhí air. Chuir sé fios ar na “Peelers” agus tógadh an costóir. Cuireadh isteach sa bpríosún é go dtí lá na cúirte. Chuaidh bean a’ Cóstóir go dtí Dómhnaill Ó Chonnaill agus dubhairt sí leis an rud a d’éirigh. Dubhairt D. Ó’Chonaill go gcrochfadh an Cóstóir muna raibh adhbhar dhá léine aice. “Imthigh anois” arsa D. Ó Chonaill “agus déan léine eile damh-sa.” Lá na cúirte cuireadh léine an Lord agus léine an Cóstóir le chéile agus dubairtSeán Ó Séaghdha