Bailiú beag de Sean Fhoclaibh. (1) Níl grádh dá mhéad nach dtagann fuath dá réir. (2) Leigeann béal na h-uaighe rud ag béal na truaighe. (3) Luaidhtear na ceadhta le chéile nach bpósann go bráthac. (4) An sgian is géire feannadh sí. (5) Níl aon fhear a bhfuil a bhuilín aige nach bfuighidh sgian le 'na ghearradh. (6) An rud is mil do dhuine is nimh do dhuine eile é. (7) Nuair a theigheas teine leis an gcloich caithfidh sé pléasgadh. (8) Is fearr an troid ná an t'uaigneas. (9) Ní d'en amhras an céad ??? (10) Ní h-eolas go h-aontigheas. (11) Tuinnte fada na h-óinsíghe. (12) Bíonn an sonas i ndiaidh na sraoile. (13) Is furasta buille mhór a bhualadh ar an talaimh. (14) Ní fuide gob an ghé ná gob an ghanndail. (15) D'aithneóchtha sgríob thar tochas. (16) Ní airigheann súthac sáthac, anshóghach ocrach. (17) Is fearr sgíth gearr ná seasamh fada. (18) Nuair a bhíos an cat amuigh bíonn na luchain istig. (19) An té nach raibh aige acht a láimh is mairg a chaill a chos. (20) Na tuille dá méad nach gcaitheann sé an oiread.Aedin Clements