"Fiagach ná Freangach nár Fhághaid siad"! Bhí sagart parráiste annseo tuairim deich mblian agus trí fichead ó soin agus bhí sé ag tógáil dhá teac scoile ceann i gCillrónáin agus ceann i bhFearann an Choirce. Tá na tighthe sin ann fós ait rinneadh scoileanna nuadha ó shoin. Bhíodh cuimse raic ag tigheacht an uair sin - bhí soithigh go leór dhá raiceáil agus bhíod saltracaí ag teacht i dtír i chuile chladach i n-Árainn acht go spesialta i mBungabhla. Saltracha pene deirg is mó a bhíod ionnta agus badh bhreágh an t-adhmad é. Bhíod an sagart ag iarradh cuid díobh fághail le h-aghaid na tighthe scoile seo agus is minic a theighead sé go Bungabhla agus bhailighead sé muinntir an bhaile sin agus muinntir Creigicéirín le chéile go gcuirfidís cuid de na saltracaib a bhíodh tógtha aca i bhfairrge go dtiubharfad bád timcheall go Cillrónáin iad. Chuaidh sé siar an lá seo per bith sgéal é agus fir an dá baile thiar chuile duine aca a raibh sé de rath ortha ag iasgach -ag marbhú feagac a bhíodar: mharbuigidís an-cuimse fiagac san am sin agus bhídís a' leaghadh na n'éaba le ola fhághail le h-aghaidh soluis agus le h-aghaidh bealaid olna. Ní bhíodh d'annlan leis na fataí aca féin acht na fiagaigh mar tar éis go mbídís ag marbhú éisg eile is dá dhíol a bhídis agus coingbídis na fiagaigh le h-aghaid a n-usáide féin. Pér bith sgéal é an lá seo bhíodar an-cruadhógach agus sén caoi a thigidís i dtír i gcladacAedin Clements