"Báidhtear lán luinge i ngeall le aon duine amháin." Bhí fear ann fadó agus bhí sé 'na chomnuidhe i bhfad ó'n bhfairrge. Níl fhios agam an bhfaca sé an fhairrge ariamh acht ar chaoi ar bith ní raibh aon pléidhe aige leis an bhfairrge ná aon chuimhneamh aige go bhfeicfeadh sé go deó í. Bhí sé aon lá amháin na sheasamh ar bhárr chnuic ag breathnú uaidh ar eallach nó rud éigin mar sin nuair d'airigh sé an glór mar bhéadh sé ag tigheacht aníos tríd an áit 'na raibh sé na seasamh, agus dubhairt an ghlór "Seo e fód do bháis." Scannruigh sé agus bhreathnaigh sé faoi agus thairis agus chonnaic sé go raibh sé das beag fraoich sa bhfód a bhí faoi na chosaibh. "Bhuel" adeirse "más é seo fód mo bháis is geárr go gcuirfidh mise i bhfad uaim tú" agus chuaidh sé agus fuair sé spáid agus bhain sé an fód a raibh sé na sheasamh air nuair labhair an glór agus chuir sé i gcliabh é agus d'imthigh leis agus níl fhios agam cén t-achar ar shiubhal sé acht ar chaoi ar bith níor stop sé ariamh go dtáinig sé go dtí bárr aile ar bhruach na fairrige agus chaith sé an fód chomh fada uaidh amach sa bhfairrige agus d'fhéad sé. "Anois" adeir sé "beidh fhios agam an é sin fód mo bháis." D'imthigh sé leis abhaile annsin sásta go leór ag ceapadh nach bhfeicfeadh sé an fód arís go deó. D'imthigh na bliadhanta thart agus chuaidh an fear le dreabhlás an t-saoghail ag ól agus ag ragairne agus ag achrann acht ar deireadh thiar thallAedin Clements