Tighearna Bhínn Éadainn Bhí fear ann fadó agus bhí sé 'na Thíghearna ar Bhínn Éadainn. Aon lá amháin bhí sé ag bailiú cíosa agus chonnaic sé bean óg ag dul treasna na sráide. Chuaidh sí isteach i dteach agus lean seisean í agus bhí gréasaidhe istigh ann agus é ag déanamh bróg. D'fhiafruigh sé dhe a dtáinig aon bean óg isteach le gairid agus dúbhairt seisean go dtáinig. "Cá bhfuil sí" ar sé. "Tá séi thiar sa seomra" arsa an gréasuidhe. "Glaoidh aniar uirthe" ars an Tighearna. Ghlaoidh agus d'fhiafruigh an Tíghearna dé a bpósfhadh sí é féin agus dúbhairt sise go bpósfadh. "Bhfuil aon cheird agat" arsa an gréasaidhe. "Níl" ar seisean. "Mara bhfuil" arsa an gréasaidhe, ní thiubharfhaidh mise m'inghean duit acht imthigh leat agus faigh céird éigin" ar sé. D'imthigh leis agus chuaidh sé isteach i dteach agus bhí fir istigh ann ag déanamh roilleáin agus bhí duine ag teastáil uatha. Thosaigh sé ag fóghluim le roilleáin a dhéanamh agus badh ghearr gurbh é an fear dob fhearr é gá ndéanamh. Andsin tháinig sé go dtí an gréasaidhe arís agus d'fhiafruigh seisean de an raibh aon cheird aige agus dúbhairt seisean go raibh. "Cén sórt ceirt atá agat" adeir an gréasaidhe. "Tá mé ar an bhfear is fearr sa domhan ag déanamh roilleán" ar seisean. "Is ceirt mhaith í" arsa an gréasaidhe. "Is féidir leat m'inghean a phósadh anois" agus phós. Bhé bainfheis air a chaith seacht n-oíchche agus seacht lá ar bun agus nuair a bhí sin thart d'fhág Tíghearna Bhínn Éadainn agus a bhean slán ag anAedin ClementsAedin Clements