D'innis m'athair an sgéal seo dom. Bhí go leor daoine ins an gceanntar seo uair amháin. Tháinig an gorta agus sgaip sé na daoine. Luigh sé go trom orthu. Bhí baile eile in Áthán uair amháin. Bhí sé inaice le loch Cilltulach. Bhí tighearna talmhan ina chomhnuidhe annsin. Bhí na daoine an-bhocht. Ní rabhadar inann an cíos a d'íoc. Do chaith sé amach ar an mbóthar iad. Ghlac sé an tailimh dhó féin. Bhíodar ag fághail bháis leis an ocras. NíMáire Ní Chonghaile