Ceapadóireacht 30adh-3-38 "Áit-Ainmneacha" Tá páirc againn sa mbaile. Gort an ghleann atá mar ainm uirthí. Tugaimíd an t-ainm sin uirthí, mar tá gleann i lár na páirce. Páirc an-íseal is eadh í. Tá páirc eile againn. Clais árd atá mar ainm uirthí mar gheall ar an gclais atá i lár na páirce. Tá an páirc an-árd timcheall an gclaise. Gort an dídean an t-ainm atá ar ghort eile. Tá fáil an-mhór timcheal l an ghuirt, agus tugann an fáil seo forgadh do'n pháirc. Tugaimíd an t-ainm sin air mar gheall ar sin. Tugaimíd gort an ghabhann ar pháirc eile. Bhí gabha ina chomhnuidhe annsin ins an seanaimsir. Bhí teach beag aige annsin. Bhíodh sé ag obair ins an dteach sin. Tá páirc eile againn agus gort na leasa atá mar ainm uirthí. Tá lios ins an bpáirc sin. B'éidear go raibh an Rí ina chomhnuidhe annsin uair amháin. Tá gort eile againn agus gortQ B