Ar leanamhaint 18adh-2-38 Níor íoc an Riaghaltas na muinnteóirí. Chuile seachtmhain thug gach sgoláire pighinn do'n mháighistir. Ní fhuair sé mórán airgid. Bhí meas mór ag na daoinibh air. D'oibrigh sé ar son a chreidimh agus a thíre. Ní raibh teach nó árus aige. Bhí na daoinibh an-chineálta dó. Thug na feirmeóirí lóistín dó. D'íoc sé iad. Mhúin sé clann an fheirmeóra. Tháinig an Sagart go dtí an sgoil go minic. Níor tháinig an cigre go dtí an sgoil. Fuair an Máighistir bás. Cuireadh é i Boiounagh. Níl raon na sgoile le feiceál indiú mar ní raibh sé déanta de chlochaibh.Q B