Imrightear a lán cluiche peile mór-thimcheall mo cheanntair gach Domhnach agus lá saoire beagnach. Domhnach amháin bhí an cluiche dhá imirt idir Clochán agus Cárna. Bhí cúig fhear déag ar gach taobh. Sé an sáirsint a bhí mar captaoin agus corr-uair an sagart. Siad na fir a bfhearr a toghadh. Is i bpáirc mhór leathan a h-imrigheadh an cluiche peile. Ba iad imirteoirí Chárna na h-imirteoirí a bfhearr agus is aca a bhí an lá. Bhíodh cuid eile de na fir ag imirt i gcoinnibh a chéile ag iarraidh an liathróid a chur ó bhaile go baile agus mar sin de. Is iomdha sin spraoidh agus caitheamh aimsire a bhíonns ag na buachaillí agus ag na fir. Bíonn cruinniú mór i gCárna an lá sin idir fir agus mná ag faire ar na himirteoirí féachaint cé aca is fearr. Duine ar bith a bhíonn ag iarraidh a dhul isteach sa pháirc an lá sin caithfidh sé sé pingine nó scilling a íoc. Ní théigheann mórán isteach ins an bpáirc mar gheall air sin ach amháin na daoine saidhbhre a bhfuil cuimse airgid aca. Bhíodh imirteoirí an Chlocháin gléasta dearg agus imirteoirí Chárna gléasta gorm, brístí gearra bána ar an dá dream agus na casógaí gorma agus dearg os a gcionn sin. Bhiodh an liathróid go han mhór. Imrigheann na daoine a lán cluichí fa'n aer ag caitheamh an úird agus ag bualadh liathróid láimhe.Michelle DunneAnaithnid