anois.Jeaic Mag FhinnGA4228 2020 Brenda Ní ChlochartaighSeo é an caoí con teach a dheasughadh. Baintear an taobh agus buailtear é. Nuair a bhíonns sin déanta acú fághann siad sgrath agus cuireann siad ar an gceann taobh amuigh é. Fághann siad go leór taobh annsin agus téigheann fear súas ar an teach con an deasughadh a dhéanamh. Bíonn fear eile ar an talamh ag cur súas taobh. Sgaoileann síad na dornáin agus leagann siad ar an gceann é leagann siad ceann eile ar a ceann sin agus mar sin nó go mbéidh siad ag bárr an tíghe. Tosuigheann siad ag bun an tighe arís agus leanann ortha súas mar a chéile. Nuair a bhíonns an taobh sin réidh acú tosuigheann siad ar an taobh eile. Déanann siad an rud céadhna ar an taobh sin. Nuair a bhíonns an dá thaobh de’n teach réidh acú cuireann siad na súagann súas. Cuireann siad trasna ar an teach ar an teach ar dtús iad agus cuireann siad i bfastúghadh sa falla iad le pionnaí. Cuireann siad trasna ar bhfaid an teach iad annsin. Nuair a bhíonns na súagáin socruighthe suas go maith bíonn an teach deasuighthe.Jeaic Mag Fhinn